Jun 27 2014
Apr 30 2014
Bláthanna na Scoile
Leis an dea-aimsir a bhí againn le déanaí, bhí páistí rang a haon an-sásta sos a
ghlacadh ón obair ranga chun bláthanna álainne atá ag fásadh sa scoil a iniúcadh
agus a tharraing. Rinneadar éacht leis an líníocht agus tá cúpla sampla den talann le
Apr 18 2014
Íosa sa Ghaineamhlach
Chuir páistí rang a ceathair abairtí le pictiúir faoi an t-am a chaith Íosa ar an gcarghas amuigh sa ghaineamhlach.
Scríobh siad amach na habairtí ar dtús agus ansin rinneadh taifead orthu ag léamh na n-abairtí.
Obair iontach rang a ceathair!
Apr 18 2014
Sacair
Bhí buachaillí Rang 6 ag imirt i gcluichí ceannais na Mí i gcomórtas sacair FAI Schools le gairid.
Bhí ceithre chluiche acu, bhuaigh siad dhá chluiche, chaill siad cluiche amháin agus chríochnaigh ceann amháin ar chomh scór.
D’imir siad go hiontach agus bhí mí-ádh orthu gan an chomórtas a bhaint. Ar lá eile bheadh an comórtas buaite acu.
Bhuaigh Kentsown an comórtas ach níor éirigh leo an bua a fháil ar bhuachaillí Rang 6! – Bhí na buachaillí chun cinn 1 – 0 go dtí an nóiméad deireanach nuair a fuair Kentstown cúl agus chríochnaigh an cluiche ar chomh scór.
Ghlac 47 scoil páirt sa chomórtas seo agus ag an deireadh tháinig buachaillí Rang 6 sa tríú háit. Toradh thar barr!!
Maith sibh James, Séan, Conor, Harry, Mark, Aonghus, Cathal agus Liam, d’imir sibh sacair den scoth!
Apr 18 2014
Eolaíocht – Tithe Solais
Bhí rang a ceathair ag obair ar thithe solais le tamall beag anuas.
Bhí siad ag obair i ngrúpaí, ag dearadh agus ag tógáil na dtithe.
Féach thíos ar na tithe solais a thóg siad – tá siad uilig ar fheabhas!
Mar 26 2014
Sacair
Ghlac buachaillí rang a sé páirt i gcomórtas sacair san MDL san Uaimh inniú.
Bhí dhá fhoireann againn ón scoil sa chomórtas.
D’imir an dá fhoireann sacair den scoth agus bhí siad uilig ar fheabhas!
Tháinig an fhoireann A ar bharr a ngrúpa agus d’éirigh leo an cluiche cáilithe a bhuachaint in éadan Dunderry leis an scór 6 – 2.
Beidh siad anois i gcluichí ceannais na Mí ar an Máirt seo chugainn, áit a mbeidh siad in iomaíocht le scoileanna ó Átha Buí, Kilcloon, Kentstown, agus Scoil Naomh Eoin, an Uaimh.
D’éirigh go maith leis an bhfoireann B chomh maith. Scóráil siad cúlanna deasa agus rinne siad cosaint iontach in éadan foirne a bhí an-láidir. Rinne siad sár-iarracht!
Comhghairdeas agus maith sibh go léir a bhuachaillí!!
Buachaillí Rang 6 a ghlac páirt sa chomórtas sacair inniú.
Mar 13 2014
Céilí
Mar 13 2014
Scéalta: Ag an Pharáid
Sep nasc chuig cuid de na scéalta a scríobh na páistí le haghaidh seachtain na Gaeilge:































































