Apr 18 2014

Sacair

Published by at 1:06 pm under Rang 6

Bhí buachaillí Rang 6 ag imirt i gcluichí ceannais na Mí i gcomórtas sacair FAI Schools le gairid.

Bhí ceithre chluiche acu, bhuaigh siad dhá chluiche, chaill siad cluiche amháin agus chríochnaigh ceann amháin ar chomh scór.

D’imir siad go hiontach agus bhí mí-ádh orthu gan an chomórtas a bhaint. Ar lá eile bheadh an comórtas buaite acu.

Bhuaigh Kentsown an comórtas ach níor éirigh leo an bua a fháil ar bhuachaillí Rang 6! – Bhí na buachaillí chun cinn 1 – 0 go dtí an nóiméad deireanach nuair a fuair Kentstown cúl agus chríochnaigh an cluiche ar chomh scór.

Ghlac 47 scoil páirt sa chomórtas seo agus ag an deireadh tháinig buachaillí Rang 6 sa tríú háit. Toradh thar barr!!

Maith sibh James, Séan, Conor, Harry, Mark, Aonghus, Cathal agus Liam, d’imir sibh sacair den scoth!

IMG_4772

IMG_4775

IMG_4776

IMG_4778

No responses yet




Comments are closed at this time.

Trackback URI |