Dec
20
2013
D’fhoghlaim na páistí faoi an stair a bhaineann le airgead na hÉireann.
Sna pictiúir thíos tá siad ag fiosrú agus ag láimhseáil cuid de sheanbhoinn na hÉireann.
Bhí cuid de na boinn thar céad bliain d’aois!
D’fhoghlaim muid go raibh muintir na hÉireann ag baint úsáide as boinn Sterling suas go dtí 1928 agus ansin gur thosaíomar ag úsáid ‘an punt’ ó 1928 ar aghaidh.
Freisin d’fhoghlaim muid go raibh 240 pinghin sa phunt suas go dtí 1971!
Thug roinnt de na páistí isteach seanbhoinn a bhí acu sa bhaile freisin.








Sna pictiúir seo thíos tá na páistí ag féachaint ar shamplaí de na sean-nótaí airgid a bhí in úsáid in Éirinn suas go dtí 2002 nuair a thosaíomar ag úsáid an euro!





Dec
20
2013
Sa triail eolaíochta seo tá páistí rang a ceathair ag fiosrú frithchuimilt (friction).
Bhí orthu fáil amach cén t-ábhar is fearr le carr bréagán a stopadh.
Rinne siad triail ar chairpéad, rubar, cumhdach bolgóideach (bubblewrap), plaisteach, páipéar gainimh garbh agus páipéar gainimh mín.
Bhí orthu cinnte a dhéanamh go raibh an triail cothrom agus mar sin bhí orthu cinnte a dhéanamh go raibh an méid céanna ag na hábhair uilig.
D’oibrigh siad i ngrúpaí de cheathrar agus d’aontaigh na grúpaí uilig ag an deireadh gurbh é an cumhdach bolgóideach an t-ábhar is fearr leis an gcarr a stopadh.
Rinne na grúpaí uilig obair iontach agus bhí na trialacha uilig cothrom acu!
Maith sibh rang a ceathair!







Dec
20
2013
Seo cúpla pictiúr de pháistí rang a ceathair ag cur i láthair a gcuid píosaí drámaíochta le gairid.
Scríobh siad scéalta Béarla i mbeirteanna agus ansin rinne siad drámaí dóibh.
Bhí na scéalta ar fheabhas agus bhí an aisteoireacht go hiontach freisin!







Dec
20
2013
Seo na páistí ag fiosrú an tionchar atá ag airde rampa ar an fhad a théanns carr bréagán.
Bhí siad ag obair i ngrúpaí de cheathrar.
Bhí orthu airde an rampa a thomhais chomh maith leis an fhad a thaisteal an carr gach uair.
Bhí orthu cinnte a dhéanamh go raibh an triail cothrom.
Thóg siad isteach a gcarranna féin don triail seo agus bhain siad an-sult as!







Dec
16
2013
Seo cúpla pictiúr de rang a ceathair ag déanamh mata.
Sna pictiúir seo tá siad ag roinnt brící i gcodáin éagsúla.




Dec
16
2013
Seo rang a ceathair ag fiosrú cén dóigh a n-oibríonn spinéir pháipéir.
Ghearr siad amach na spinéir agus ansin rinne siad ‘tuar agus triail’ orthu.




Dec
10
2013
Dhearadh na páistí á gcuid cártaí Nollaig ar an ríomhaire. Seo samplaí de cuid acu.




