Archive for April, 2013

Apr 30 2013

Scéal

Published by under Rang 3

Buachaill Dána scríofa ag David Ó Baoill  Rang III

D’oscail Caill an doras agus isteach leis. Níor chreid aon duine go raibh sé ar ais. Chrom Abbie síos faoin mbord. Chuaigh an múinteoir i bhfolach. Bhí scannradh ar gach duine sa rang.Ní raibh an príomhoide pioc sásta go raibh Caill ar ais. Bhí Caill fiche nóiméad déanach don scoil. Shuigh sé síos agus bhí an rang chomh cúin le luch. Ní dhearna Caill tada. Chaith sé liathróid ar an múinteoir agus thit an múinteoir ar an talamh. Sciob Cail mála an mhúinteora agus ghoid sé an t-airgead as an mála.  Shiúil Caill amach as an rang agus dúirt an múinteoir “Níl tú ag éalaú chomh héasca sin”arsa an múinteoir. Ghlaoigh an príomhoide ar Caill isteach san oifig. Shuigh Caill síos in oifig an phríomhoide. D’fhéach Caill ar a uaireadóir agus is beag nár thit sé ina chodladh. Bhí an príomhoide ag scréachaíl in aghaidh Caill. Shiúil Caill amach as an oifig agus bhuail sé an doras síos. An lá dár gcionn tháinig Caill ar ais ar scoil agus thug sé dorn don rúnaí san aghaidh. Thosaigh an rúnaí ag gol mar leanbh. Bhí an rúnaí ag screachaíl agus ag béicíl. Chuala Caill fuaim ait taobh thiar dó. Lean Caill ar aghaidh agus chas sé timpeall. Chonaic sé a mham ansin. Sciúrd Caill amach an dortháinig Caill ar ais ar scoil riamh arís.

No responses yet

Apr 29 2013

Féach ar ár bPostaeir

Published by under Rang 3

No responses yet

Apr 29 2013

Ag Ath-usáid Ábhair

Published by under Rang 3

No responses yet

Apr 29 2013

Ag athchúrsáil

Published by under Rang 3

Rinneamar obair ar an Timpeallacht agus conas aire a thabhairt di. Bhíomar ag obair le chéile ag ath-usáid ábhair éagsúla. Féach orainn ag obair go dian!

No responses yet

Apr 29 2013

Ag Foghlaim faoi Beacha

Published by under Rang 3

Bhíomar ag foghlaim faoi beacha an tseachtain seo caite. Tháinig Suzanne (Mamaí Aoibhe) isteach toisc go gcoimeádann sí beacha. Táimid ana-bhuíoch di ar fad!

No responses yet

Apr 14 2013

Sam Maguire ar chuairt i nGaelscoil na Bóinne

Published by under Naíonáin Mhóra

No responses yet

Apr 11 2013

Ag fíodóireacht agus ag obair le fabraic

Published by under Rang 3

Nach bhfuil ár n-ealaín go hálainn!

No responses yet

Apr 11 2013

Cuairt ón Bhfear Dóiteáin

Published by under Rang 3

Tháinig fear dóiteáin isteach chugainn inniu chun labhairt linn faoi conas a bheith sabháilte sa bhaile. Dúirt sé linn rudaí a mhúchadh suala théimid a chodladh gach oíche. Labhair sé mar gheall ar na contúirtí a bhaineann le coinnle,ag cócaireacht, toitíní, lasáin agus rudaíl a fhágáil ar siúl i rith na hoíche. Fuaireamar ana-chuid eolas uaidh- míle buíochas Padí!

No responses yet